Cailín Na Gruaige Báine - Aoife Ní Fhearraigh

Cailín Na Gruaige Báine - Aoife Ní Fhearraigh

Альбом
Aoife
Год
2010
Язык
`irlandês`
Длительность
329400

Abaixo está a letra da música Cailín Na Gruaige Báine , artista - Aoife Ní Fhearraigh com tradução

Letra da música " Cailín Na Gruaige Báine "

Texto original com tradução

Cailín Na Gruaige Báine

Aoife Ní Fhearraigh

Is uaigneach mo shaol

Go gruama faraoir

'Mo thruaill bhocht gan siamsa 'tá mé

'S is brónach a bhím

Gan suaimhneas na hoích'

Go buartha lag cloíte cráite

'Sí 'n stuabhean gheal

Chaoin a rinne gual de mo chroí

'S níl suairceas a choíce i ndán domh

Ó luadh liom mar mhnaoi

Go luath 'dtús mo shaoil

Mo chailín na gruaige báine

'S í bláth bán na gcraobh í

Thug barr ar gach scéimh

Le háilleacht le méid 's le breáchta

'Sí d’fhág mé faoi léan

'Sí chráigh mé gan bhréig

'Gus tá 'fhios ag Mac Dé mo chás-sa

Dá bhfhaighinnse mo rogha

Ó b’ansa liom é

Bheith ar láimh leis a' speirbhean álainn

'S ní náire ar bith liom é

'S í grá geal mo chléibh

Mo chailín na gruaige báine

Dá dtigeadh sí aris

Ar cuairt chun mo thí

Nach mise bheadh aoibhiúil sásta

'S níl áit ar bith dár mhian léi

Nach mbainfinnse fúm

Ach cead 'fháil mo shaol a chaitheamh léi

Nach trua mise 'smaointiú

Go domhain in mo chroí

Nach bhfeicim arís go brách í

Taím buartha bocht faoi chian

Is ní mhairfead beo bliain

Gan cailín na gruaige báine

Mais de 2 milhões de letras

Músicas em diferentes idiomas

Traduções

Traduções de alta qualidade para todos os idiomas

Busca rápida

Encontre os textos que você precisa em segundos