Seoladh Na Ngamhna - Solas

Seoladh Na Ngamhna - Solas

Альбом
Another Day
Год
2005
Язык
`irlandês`
Длительность
200040

Abaixo está a letra da música Seoladh Na Ngamhna , artista - Solas com tradução

Letra da música " Seoladh Na Ngamhna "

Texto original com tradução

Seoladh Na Ngamhna

Solas

Tráthnóinín déanach is mé gan mhairg

Ag seoladh na ngamhna fén bhfásach

Do dhearcas chugamsa an spéirbhean mhaisiúil

Chiúin thais bhanúil náireach

D’fhiasraíos féin go séimh dhen ainnir

An aon ní thar lear a tháinig

Ag seoladh na ngamhana 'sea dh’fhágas as baile

Ach ceann ní bhfaighidh go lá dhíobh

Tá crainnín cumhra i lúb na coille

'Gus raghaimid araon go lá fé

Mar a mbeidh ceol binn na n-éan dá síorchur a chodladh

Is cuileann is eidhneán ag fás air

Gheobhainn cead saor ó mhaor na coille

Féar a thabhairt go lá dhíobh

Más ag scarúint óna chéile atá chugainn ar maidin

Seo póg agus bairrín beag mo láimh chugat

Is b’fhéidir le hÍosa fá Oíche Nollag

Go mbeimid araon in ann pósadh

I seoimrín néata ag pointe an ghleanna

'S an Sagart ag ól ár sláinte

Beidh beoir againn go líonmhar go fuíoch gan dochma

Is gloine dhen fíon dhonn Spáinneach

Beidh puinse againn á roinnt le linn dul a chodladh

Is gheobhaimid na gamhna amárach

Beidh puinse againn á roinnt le linn dul a chodladh

Is gheobhaimid na gamhna amárach

Mais de 2 milhões de letras

Músicas em diferentes idiomas

Traduções

Traduções de alta qualidade para todos os idiomas

Busca rápida

Encontre os textos que você precisa em segundos